19.8.13

Mionteanga, Mórscéalta: An Tríú Comhdháil ar Litríocht agus ar Chultúr na nÓg

Institiúid Oideachais Marino, Ascaill Uí Ghríofa, Baile Átha Cliath 9 20-21 Meán Fómhair 2013

Dé hAoine, 20 Meán Fómhair

8.45-9.00: Clárú

9.00-9.15: Oscailt Oifigiúil: Claire Marie Dunne & Bláthnaid Ní Ghréacháin (Gaelscoileanna)

9.15-10.45: Litríocht na nÓg i rith Athbheochan na Gaeilge
Cathaoirleach: An tOllamh Liam Mac Mathúna (An Coláiste Ollscoile Baile Átha Cliath) Ríona Nic Congáil: ‘Liam P. Ó Riain agus Cultúr Gaelach na nÓg’.
Ailbhe Ní Ghearbhuigh: ‘Tórna agus aistriúcháin do pháistí ón bhFraincis’.
Róisín Ní Ghairbhí: ‘Tinneas coirp agus tinneas intinne i ngearrscéalta an Phiarsaigh’.

10.45-11.00: Tae/Caifé

11.00-12.00: Cathal Ó Sándair agus Litríocht na nÓg i lár an 20 hAois
Cathaoirleach: Uáitéar Mac Gearailt (Coláiste Phádraig)
Róisín Adams: ‘Réics Carló agus Mistéire na mBleachtairí sa Ghúm’.
Róisín Ní Mhulláin: ‘Saol na Scoile, Sraith Chluain Éanna le Cathal Ó Sándair’.

12.00-13.00: An tOiriúnú in Athinsintí do Pháistí
Cathaoirleach: Órla Ní Chuilleanáin (An Coláiste Ollscoile Baile Átha Cliath)
Brian Mac Maghnuis: ‘In Oiriúint do Pháistí: Leagan Scoile an tSeabhaic de Jimín Mháire Thaidhg'.
Marie Whelton: ‘Dea-Scéala nó Scéalta Deasa?: Dílseacht do na “bunscéalta” i leaganacha Gaeilge den Bhíobla do Pháistí’.

13.00-14.00: Lón

14.00-15.00: Coimicí agus Cartúin
Cathaoirleach: Claire Marie Dunne (Institiúid Oideachais Marino)
Aidan Courtney: ‘Coimicí i nGaeilge, Cén fáth?’
Máire Nic Gabhann, Saorlaith Ní Nualláin agus Marie Claire Igoe: ‘Greannán don Óige: Midir agus Étaín’.

15.00-15.15: Tae/Caifé

15.15-16.00: Drámaíocht agus Scannánaíocht
Cathaoirleach: Caoimhe Nic Lochlainn (Ollscoil na Banríona)
Darach Ó Tuairisc: ‘Fíbín agus drámaíocht chomhaimseartha na Gaeilge’.
Pat O’Brien: ‘Athbhútáil ar seanscéal: smaointí ar dhéantús *Dáithí agus Goliath*, beochan Ghaeilge’.

16.00-16.30: Seoladh leabhair agus soláistí: Laethanta Gréine & Oícheanta Sí: Aistí ar Litríocht agus ar Chultúr na nÓg
Aoichainteoir: An tOllamh Alan Titley

16.30-17.30: Aoichaint: Siobhán Ní Bhrádaigh agus Lís Ní Dhálaigh ‘Soláthar Óige TG4’.
Cathaoirleach: Regina Uí Chollatáin (An Coláiste Ollscoile Baile Átha Cliath)

Dé Sathairn, 21 Meán Fómhair


9.00-10.30: Cultúir, Teangacha agus Féiniúlachtaí Éagsúla i Litríocht na nÓg
Cathaoirleach: Róisín Adams (Coláiste na Tríonóide)
Seán Mac Risteaird: ‘Duine Acu Siúd: Féiniúlacht(aí) na Collaíochta agus Déaglitríocht na Gaeilge’.
Claire Marie Dunne: ‘Éagsúlacht ar Chúl Éaga? Léiriú ar an Éagsúlacht Cultúir i Litríocht Ghaeilge na nÓg’.
Siobhán McNamara: ‘Téacsanna ilteangacha do pháistí: cur chuige nua i litríocht na n-óg’.

10.30-10.45: Tae/Caifé

10.45-12.15: Aistriúcháin do Pháistí
Cathaoirleach: Deirdre Nic Mhathúna (Coláiste Phádraig)
Anna Heusaff: ‘Béarla na Leabhar: Conspóidí agus cleachtais maidir le ficsean do léitheoirí óga a aistriú ó theangacha móraimh go teangacha mionlaigh’.
Órla Ní Chuilleanáin: 'An tAistriúchán cultúrtha agus roghanna maidir le hainmneacha áite agus carachtar i roinnt aistriúchán Gaeilge'.
Caoimhe Nic Lochlainn: ‘Cruthú Corpais: Aistriúcháin Ghaeilge ar Théacsanna Canónta do Pháistí’.

12.15-13.00: Lón

13.00-14.00: Aoichaint: Agnes Rennie ‘Creating new books for new readers: how Acair has maintained a children's book list through a collaboration of shared interests’.
Cathaoirleach: Ciara Ní Bhroin (Institiúid Oideachais Marino)

14.00-14.15: Tae/Caifé

14.15-15.45: Litríocht na nÓg sa Seomra Ranga
Cathaoirleach: Máire Ní Bhaoill (Coláiste Phádraig)
Mícheál Ó Ruairc: ‘‘Will This Be On The Exam?’ ‘Tá Tír na nÓg ar chúl an tseomra ranga (nó lasmuigh d’fhuinneog an tseomra ranga ar fad?)’ – áit na litríochta Gaeilge sa chóras oideachais in Éirinn inniu’.
Seán Mac Nia: ‘Ábhair léitheoireachta ar fáil ó CCEA’.
Conchúir Ó Brolacháin: ‘An luath-oideachas dátheangach i mBunscoileanna na Gaeltachta’.

15.45-16.00: Tae/Caifé

16.00-17.30: Seanmhúnlaí agus múnlaí nua: Cruthú litríochta sa 21 hAois Cathaoirleach: Pádraig Ó Liatháin (Coláiste Phádraig)
Anna Ní Fhlatharta: ‘Fuint Focal’.
Mary Fagan: 'Scríobh Leabhar'.
Ray Mac Manais: ‘An tAgallamh Beirte’.
Neil Tarrant: ‘Digitiú litríocht na Gaeilge agus na féidearthachtaí do léitheoirí óga’.

17.30-17.45: Tae/Caifé

17.45-18.45: Aoichaint: Biddy Jenkinson agus Roibeard Mac Unfraidh ‘Fó Fá Fum: Comhacht, Coinsias, Cúram’.
Cathaoirleach: An tOllamh Máirín Nic Eoin (Coláiste Phádraig)

19.30: Dinnéar na Comhdhála i gCluain Tarbh

Riarthóirí na Comhdhála: Claire Marie Dunne, Caoimhe Nic Lochlainn, Órla Ní Chuilleanáin, Ríona Nic Congáil, Róisín Adams. litriochtnanog13@gmail.com

19.3.13

Mionteanga, Mórscéalta: An Tríú Comhdháil ar Litríocht agus ar Chultúr na nÓg


Institiúid Oideachais Marino, Ascaill Uí Ghríofa, Baile Átha Cliath 9
20-21 Meán Fómhair 2013

Le tamall anuas, tá níos mó béime á leagan ar litríocht agus ar chultúr na ngrúpaí atá ar imeall na sochaí. Dá thoradh sin, tá forbairt mhór tagtha ar léann litríocht agus chultúr na n-óg go hidirnáisiúnta. Ach cén tionchar atá ag mionteangacha ar nós na Gaeilge ar ár dtuiscintí ar chultúr na n-óg in Éirinn agus san Eoraip?
Tá sé mar aidhm ag an Tríú Comhdháil ar Litríocht agus ar Chultúr na nÓg plé a spreagadh i measc oideachasóirí, scoláirí, foilsitheoirí, aistritheoirí, ealaíontóirí den uile chineál agus daoine eile a bhfuil spéis acu i litríocht agus i gcultúr na n-óg. Díreofar ar stair chultúr Gaelach na n-óg, ar an suíomh reatha, agus ar dhúshláin na todhchaí.
Iarrtar ar dhaoine a bhfuil spéis acu caint a thabhairt ar aon ghné de litríocht nó de chultúr na n-óg, teideal na cainte agus achoimre ar an ábhar a sheoladh isteach.

D’fhéadfadh na hábhair seo a leanas a bheith i gceist, ach glacfar le hábhair eile freisin:
Filíocht, rannta, amhráin, greannáin agus comicí don óige;  an Ghaeilge agus eagraíochtaí cultúrtha don óige; an drámaíocht mar áis liteartha don óige; foilsitheoirí agus foilsitheoireacht; litríocht agus cultúr na n-óg i siollabais na Gaeilge sna hollscoileanna; an phiseog i litríocht Ghaeilge na n-óg; an Eoraip agus litríocht na Gaeilge; an teicneolaíocht i litríocht agus i gcultúr na n-óg

Seol teideal an pháipéir, achoimre (250 focal) agus beathaisnéis (50 focal) chuig
litriochtnanog13@gmail.com roimh 5in ar an 14 Meitheamh, 2013.

Riarthóirí na Comhdhála: Claire Dunne, Caoimhe Nic Lochlainn, Órla Ní Chuilleanáin, Ríona Nic Congáil, Róisín Adams.

16.2.12

Clár na Comhdhála 2012

 Forbairt Litríocht agus Chultúr na nÓg:
An Dara Comhdháil
Coláiste Phádraig, Droim Conrach
23-24 Márta 2012

Aoine 23 Márta 2012                              Ionaid: An Seomra Caidrimh (D110) & D115

11.30 – 11.45   Fáiltiú agus Clárú  
     
11.45 – 12.00    Oscailt oifigiúil imeachtaí an lae ag Harold Hislop, Príomhchigire,
                        An Roinn Oideachais agus Scileanna agus Mary Shine Thompson,
                        ceannródaí agus saineolaí litríocht na n-óg.           
                         
12.00 – 1.30     Seisiún 1: Litearthacht agus Litríocht na Naíonán
                        Cathaoirleach: Rióna Ní Fhrighil            
                        Máire Mhic Mhathúna agus Mairéad Mac Con Iomaire - ‘Litríocht na nÓg sna Naíonraí: na luathbhlianta’. 
                        Tina Hickey agus Ciara O’ Toole - ‘Sealbhú na Gaeilge ag Naíonáin’.
Cáit Ní Shiúrtáin – ‘Straitéisí Léamhthuisceana chun cur le scileanna smaointeoireachta na bhfoghlaimeoirí’.
                        
1.30 – 2.30       Lón
2.30 – 3.30       Seisiún 2: An Leanbh sa Seansaol Gaelach
                        Cathaoirleach: Pádraig Ó Liatháin
                        Pádraig Ó alaí - ‘An Leanbh sa tSochaí Thraidisiúnta’.
                        Deirdre Nic Mhathúna – ‘‘T’athair ionmhain’: cíoradh téamúil ar an ngaol idir aithreacha agus leanaí i scríbhinní Gaeilge’.

3.30 – 3.45      Tae & Caife

3.45 – 5.15       Seisiún 3: Ó mhiotaseolaíocht go teicneolaíocht: éagsúlacht litríocht na n-óg                 
Cathaoirleach: Ciarán Ó Coigligh
                        Órla Ní Chuilleanáin – ‘Athinsintí ar scéalta miotaseolaíochta i Litríocht Ghaeilge na nÓg’.
Iarla Mac Aodha Bhuí – ‘Léitheoireacht na nÓg: ó thachrán fiosrach go scríbhneoir dóchasach’.
Meadhbh Ní Eadhra – ‘K atá ag teacht an8?: Ag trasnú an droichid idir leibhéal teanga agus leibhéal suime dhéaglitríocht na Gaeilge’.

5.15 – 5.30      Tae & Caife

5.30 – 6.30        Aoichaint: ‘An Pocaide Gabhair i Lár an Aonaigh: Foilsitheoireacht Ghaeilge don óige mar ghníomh idé-eolaíoch agus mar ghníomh fiontraíochta’.
                        - Tadhg Mac Dhonnagáin
                        Cathaoirleach: An tOllamh Máirín Nic Eoin (Seomra D115) 
        
6.30 – 7.00        Seoladh leabhair & Sólaistí*
                         (Seomra Foirne)
*Seolfaidh Máire Nic Mhaoláin an leabhar Codladh Céad Bliain: Cnuasach Aistí ar Litríocht na nÓg, bunaithe ar na cainteanna a tugadh ag an gCéad Chomhdháil Idirnáisiúnta ar Litríocht na nÓg (2011).


Satharn 24 Márta  2012                                       An Seomra Caidrimh (D110) & D115

10:00 – 11.00    Seisiún 4: Bricfeasta Liteartha COMHAR
 Rannpháirtithe: Laoise Ní Chléirigh, Seán Ó Dubhchon, Órla Ní Chuilleanáin.
                         Cathaoirleach: Ríona Nic Congáil

11.00 – 12.30    Seisiún 5: Fonn, filíocht is foilseacháin don óige
 Cathaoirleach: Éadaoin Ní Mhuircheartaigh
 Áine Ní Ghlinn – ‘Cén fáth go bhfuil an spéir gorm? Cén fáth go bhfuil an rós dearg?
 Claire Marie Dunne – ‘Inis: Litríocht Ghaeilge á soláthar don Óige’
 Colm Mac Séalaigh – ‘Cultúr na nÓg agus an Popcheol’.

12.30 – 2.00      Lón

2.00 – 3.00        Aoichaint: ‘Na Deartháireacha Grimm agus sinne:  tionchar scéalta Jacob agus Wilhelm Grimm ar  litríocht na bpáistí agus béaloideas na hÉireann’.
                         - Eilís Ní Dhuibhne
                         Cathaoirleach: Ciarán Mac Murchaidh

3.00 – 3.15       Tae & Caife (Seomra Caidrimh) 
                 
3.15 – 4.45       Seisiún 6: Gnéithe de stair na n-óg (1900-1950)
                        Cathaoirleach: Pádraig Ó Duibhir
                        Ríona Nic Congáil – ‘Drámaíocht na nÓg i dTréimhse na hAthbheochana’.
                        Conall Ó Grianna – ‘Béaloideas Rann na Feirste agus Bailiúchán na Scol’.
Caoimhe Nic Lochlainn – ‘Asal Fhear na Mónadh: Saothar Patricia Lynch á athGhaelú?’

4.45 – 5.00       Seoladh leabhair*
Seolfaidh Siobhán Parkinson, Laureate na nÓg an pictiúrleabhar nua Ó Chrann go Crann le Caitríona Hastings agus Andrew Whitson.
Tae & Caife (Seomra Caidrimh)

5.00 – 5.45        Aoichaint: ‘Illustration: the act of clarifying or explaining in the digital age’.
                         - Andrew Whitson
                         Cathaoirleach: Ciara Ní Bhroin

5.45                  Focal scoir: Ríona Nic Congáil agus Máirín Nic Eoin

6.00                  Dinnéar na Comhdhála


Eagraí na Comhdhála: An Dr Ríona Nic Congáil, le cúnamh ó fhoireann Roinn na Gaeilge.

Le tacaíocht ó Fhoras na Gaeilge agus ó Choiste Taighde Choláiste Phádraig


19.9.11

Forbairt Litríocht agus Chultúr na nÓg: An Dara Comhdháil Idirnáisiúnta

Coláiste Phádraig, Droim Conrach
23-24 Márta 2012

Le tamall anuas, tá go leor díospóireachta sna meáin chumarsáide maidir le stair, stádas agus cearta na n-óg in Éirinn. Ach céard faoi chultúr na n-óg sa tír seo agus céard faoi thionchar agus ról na Gaeilge mar chuid den chultúr sin?
Tá sé mar aidhm ag an gComhdháil seo ar Litríocht & Chultúr na nÓg ardán a thabhairt d’oideachasóirí, do scoláirí, d’fhoilsitheoirí agus d’ealaíontóirí den uile chineál chun a dtuairimí maidir le litríocht agus cultúr Gaelach na n-óg a phlé. Díreofar ar stair chultúr Gaelach na n-óg, ar an suíomh reatha, agus ar dhúshláin na todhchaí.
Iarrtar ar dhaoine a bhfuil spéis acu caint a thabhairt ar aon ghné de litríocht nó de chultúr na n-óg, teideal na cainte agus achoimre ar an ábhar a sheoladh isteach.
D’fhéadfadh na hábhair seo a leanas a bheith i gceist, ach glacfar le hábhair eile freisin:
Stair Litríocht na n-Óg; An Litearthacht i measc na nÓg; An Óige sa Bhéaloideas; Freastal na Meán Cumarsáide Gaeilge ar an Óige; Cartúin agus Cláir Ghaeilge do Pháistí; Amhráin agus Dánta do Pháistí; Drámaíocht agus na Taibhealaíona i measc na nÓg; An Óige & Gluaiseachtaí na Gaeilge.
 Seol teideal an pháipéir agus achoimre (250 focal) chuig litriochtnanog@gmail.com roimh an 19 Nollaig, 2011.
Riarthóir na Comhdhála: An Dr. Ríona Nic Congáil, Roinn na Gaeilge, Coláiste Phádraig, Droim Conrach, Baile Átha Cliath 9.

17.2.11

An Chéad Chomhdháil Idirnáisiúnta ar Litríocht na nÓg: Clár na Comhdhála

Aoine 8 Aibreán 2011
Ionad: An Seomra Caidrimh (D110)
9:45 – 10.00        Fáiltiú agus Clárú 
10:00 – 10.15   Oscailt oifigiúil imeachtaí an lae ag Siobhán Parkinson, Laureate na nÓg
10.15 – 11.45      Seisiún 1: Léitheoireacht agus Aistriúchán
Cathaoirleach: Ciarán Mac Murchaidh
Jacqueline De Brún - ‘Foghlaim Chód na Léitheoireachta i dtreo an neamhspleáchais sa léitheoireacht Ghaeilge’. 
Lydia Groszewski - ‘An Margadh Léitheoireachta i gcás aistriúchán Gaeilge do leanaí’.
Órla Ní Chuilleanáin – ‘Aistriúchán ar Scéalta do Leanaí go Gaeilge le haghaidh cainteoirí T2: roinnt roghanna maidir le stór focal agus stíl’.
11.45 – 12.00      Tae & Caife
12.00 – 1.00        Seisiún 2:  Léiriú ar an Óige sa Litríocht do Dhaoine Fásta
Cathaoirleach: Pádraig Ó Liatháin
Máirín Nic Eoin – ‘Ó Mo Scéal Féin go dtí Céard É English?: An litríocht dhírbheathaisnéiseach mar ábhar léitheoireachta do dhaoine óga’.
Aisling Nic Dhonnchadha – ‘‘Ina Ríocht Féin’: Léirithe ar shaoltaithí an duine óig i ngearrscéalta faoi leith le Pádraic Breathnach agus Seán Mac Mathúna’. 
1.00 – 2.00           Lón
2.00 – 3.30           Seisiún 3: Stair agus Éabhlóid Litríocht Ghaeilge na nÓg
Cathaoirleach: Róisín Ní Ghairbhí
Seosamh Ó Murchú - ‘Idir Laethanta Gréine agus an Garbhán: Súil siar ar an bhfoilsitheoireacht don aos óg sa Ghúm’.
Ríona Nic Congáil – ‘Fréamhacha Litríocht Ghaeilge na nÓg sa Naoú hAois Déag’.
Pádraig Ó Baoighill – ‘Litríocht na nÓg i nGaeltacht Thír Chonaill (1938-1946)’.
3.30 – 3.45            Tae & Caife
3.45 – 5.15            Seisiún 4: Ó Théama na hÓige Síoraí go dtí an Déaglitríocht
Cathaoirleach: Deirdre Nic Mhathúna
Pádraig de Paor - 'Puer Aeternus: téama na hóige síoraí i litríocht do dhaoine óga`.
Anna Heussaff - ‘Liomsa, leosan / Conas a dhéanann údar fásta freastal ar dhéagléitheoirí?’
Máirtín Coilféir – ‘An eitic agus an aestéitic i saothar Alan Titley'.
5.15 – 5.30            Tae & Caife
5.30 – 6.30           Aoichaint: 'The Big Bang: Cathal Ó Sándair Creates Popular Literature in Irish' - An tOllamh Philip O’Leary (Seomra D115)  
Cathaoirleach: An tOllamh Máirín Nic Eoin     
6.30 – 7.30            Léamha in Ómós do Chathal Ó Sándair & Sólaistí (Seomra Foirne)    

         *****************************************************************************************************************
Satharn 9 Aibreán 2011
Ionad: Seomra D115
10:00 – 11.00       Seisiún 5: Scéalaithe is Scéalaíocht
Cathaoirleach: Regina Uí Chollatáin
Siobhán Kirwan-Keane - ‘Sinéad Bean de Valera: Drámadóir, Náisiúnaí, Oide’.
Laoise Ní Chléirigh – ‘Tríocha Bliain ag Fás: Éabhlóid Litríocht na nÓg (1980-2010)’.
11.00 – 11.15        Tae & Caife (Seomra Caidrimh)
11.15 – 12.45        Seisiún 6: Litríocht na nÓg sna Dúichí Ceilteacha
Cathaoirleach:  Uáitéar Mac Gearailt
Siwan Rosser - ‘Iaith, diwylliant a hunaniaeth mewn llenyddiaeth Gymraeg i blant’ / ‘Language, culture and identity in Welsh children’s literature’.
Jacques Yves Mouton - ‘Embann levrioù evit ar grennarded: dazont buhez ar brezhoneg’ / ‘Publishing books for teenagers: a challenge for the future of the Breton language’.
Màiri Kidd - ‘Whose 'Twilight'?: Scottish Gaelic children's literature faces the 21st century’.
12.45 – 2.00         Lón
2.00 – 3.00         Aoichaint: ‘An Leanbh Ionainn go Léir: na haistriúcháin Ghaeilge ar litríocht do dhaoine óga' - An tOllamh Alan Titley
Cathaoirleach: Liam Ó Muirthile
3.00 – 3.15           Tae & Caife (Seomra Caidrimh)
3.15 – 4.45           Seisiún 7: An Traidisiún, an Sean is an Nua: Dúshláin na hAoise seo
Cathaoirleach:   Breandán Ó Conaire
Máire Ní Bhaoill - ‘Amhránaíocht Thraidisiúnta i measc Páistí in Éirinn’
Colmán Ó Raghallaigh – ‘Úrscéalta agus Seanscéalta Grafacha Gaeilge’.
Caitríona Hastings“Bhí sin ann i bhfad ó shin agus is fada ó bhí...” – Seanscéalta agus Nuascéalta - Na Dúshláin’.
4.45 – 5.00            Tae & Caife (Seomra Caidrimh)
5.00 – 5.45            Fóram Plé: Todhchaí Litríocht na nÓg
Cathaoirleach: Ríona Nic Congáil
Rannpháirtithe - Áine Ní Ghlinn, Biddy Jenkinson, Meadhbh Ní Eadhra, Colmán Ó Raghallaigh, Liam Ó Muirthile.
5.45                       Focal scoir: Ríona Nic Congáil agus Máirín Nic Eoin
6.00                       Dinnéar na Comhdhála


Urraithe ag
Coiste Taighde Choláiste Phádraig
agus ag Foras na Gaeilge