24.8.10

8-9 Aibreán 2011, Coláiste Phádraig, Droim Conrach

Agus léann litríocht na n-óg ag teacht faoi bhláth go hidirnáisiúnta, feictear go dtugann an cineál litríochta seo léargas úr, nuálaíoch, ar litríocht agus ar chultúr na nGael. Tá sé mar aidhm ag an gCéad Chomhdháil ar Litríocht na nÓg fóram plé a bhunú chun an lucht léinn, oideachasóirí, foilsitheoirí, scríbhneoirí, agus daoine eile a bhfuil dúil acu i litríocht na n-óg, a thabhairt le chéile chun ceiliúradh a dhéanamh ar an gcineál litríochta seo, mar aon le gnéithe de stair agus de thodhchaí litríocht na n-óg a phlé.


Iarrtar ar dhaoine a bhfuil spéis acu páipéar a léamh ar aon ghné den litríocht do dhaoine óga, teideal an pháipéir agus achoimre ar an ábhar a chur chuig an gCéad Chomhdháil ar Litríocht na nÓg.

D’fhéadfadh na hábhair seo a leanas a bheith i gceist, ach glacfar le hábhair eile freisin:
Stair Litríocht na n-Óg; Ceist an Aistriúcháin; Litríocht do Dhéagóirí; Litearthacht na n-Óg; Drámaí agus Dánta; Ilchultúrachas; Nuatheicneolaíocht agus an Litríocht; Náisiúnachas agus Trasnáisiúnachas; An Óige i Seánra na Beathaisnéise.

Seol teideal an pháipéir agus achoimre (250 focal) chuig litriochtnanog@gmail.com roimh 5in ar an 20 Nollaig, 2010.


Riarthóir na Comhdhála: An Dr. Ríona Nic Congáil, Coláiste Phádraig, Droim Conrach, Baile Átha Cliath 9.