20-21 Meán Fómhair 2013
Le tamall
anuas, tá níos mó béime á leagan ar litríocht agus ar chultúr na
ngrúpaí atá ar imeall na sochaí. Dá thoradh sin, tá forbairt mhór tagtha ar
léann litríocht agus chultúr na n-óg go hidirnáisiúnta. Ach cén tionchar atá ag
mionteangacha ar nós na Gaeilge ar ár dtuiscintí ar chultúr na n-óg in Éirinn
agus san Eoraip?
Tá sé mar
aidhm ag an Tríú Comhdháil ar Litríocht agus ar Chultúr na nÓg plé a spreagadh
i measc oideachasóirí, scoláirí, foilsitheoirí, aistritheoirí, ealaíontóirí den
uile chineál agus daoine eile a bhfuil spéis acu i litríocht agus i gcultúr na
n-óg. Díreofar ar stair chultúr Gaelach na n-óg, ar an suíomh reatha, agus ar
dhúshláin na todhchaí.
Iarrtar ar
dhaoine a bhfuil spéis acu caint a thabhairt ar aon ghné de litríocht
nó de chultúr na n-óg, teideal na cainte agus achoimre ar an ábhar a sheoladh
isteach.
D’fhéadfadh
na hábhair seo a leanas a bheith i gceist, ach glacfar le hábhair eile freisin:
Filíocht, rannta,
amhráin, greannáin agus comicí don óige; an Ghaeilge agus eagraíochtaí
cultúrtha don óige; an drámaíocht mar áis liteartha don óige; foilsitheoirí
agus foilsitheoireacht; litríocht agus cultúr na n-óg i siollabais na Gaeilge
sna hollscoileanna; an phiseog i litríocht Ghaeilge na n-óg; an Eoraip agus
litríocht na Gaeilge; an teicneolaíocht i litríocht agus i gcultúr na n-óg
Seol
teideal an pháipéir, achoimre (250 focal) agus beathaisnéis (50 focal) chuig
litriochtnanog13@gmail.com roimh 5in ar an 14 Meitheamh, 2013.
Riarthóirí na Comhdhála: Claire Dunne, Caoimhe Nic Lochlainn, Órla Ní Chuilleanáin, Ríona Nic Congáil, Róisín Adams.