19.9.11

Forbairt Litríocht agus Chultúr na nÓg: An Dara Comhdháil Idirnáisiúnta

Coláiste Phádraig, Droim Conrach
23-24 Márta 2012

Le tamall anuas, tá go leor díospóireachta sna meáin chumarsáide maidir le stair, stádas agus cearta na n-óg in Éirinn. Ach céard faoi chultúr na n-óg sa tír seo agus céard faoi thionchar agus ról na Gaeilge mar chuid den chultúr sin?
Tá sé mar aidhm ag an gComhdháil seo ar Litríocht & Chultúr na nÓg ardán a thabhairt d’oideachasóirí, do scoláirí, d’fhoilsitheoirí agus d’ealaíontóirí den uile chineál chun a dtuairimí maidir le litríocht agus cultúr Gaelach na n-óg a phlé. Díreofar ar stair chultúr Gaelach na n-óg, ar an suíomh reatha, agus ar dhúshláin na todhchaí.
Iarrtar ar dhaoine a bhfuil spéis acu caint a thabhairt ar aon ghné de litríocht nó de chultúr na n-óg, teideal na cainte agus achoimre ar an ábhar a sheoladh isteach.
D’fhéadfadh na hábhair seo a leanas a bheith i gceist, ach glacfar le hábhair eile freisin:
Stair Litríocht na n-Óg; An Litearthacht i measc na nÓg; An Óige sa Bhéaloideas; Freastal na Meán Cumarsáide Gaeilge ar an Óige; Cartúin agus Cláir Ghaeilge do Pháistí; Amhráin agus Dánta do Pháistí; Drámaíocht agus na Taibhealaíona i measc na nÓg; An Óige & Gluaiseachtaí na Gaeilge.
 Seol teideal an pháipéir agus achoimre (250 focal) chuig litriochtnanog@gmail.com roimh an 19 Nollaig, 2011.
Riarthóir na Comhdhála: An Dr. Ríona Nic Congáil, Roinn na Gaeilge, Coláiste Phádraig, Droim Conrach, Baile Átha Cliath 9.

17.2.11

An Chéad Chomhdháil Idirnáisiúnta ar Litríocht na nÓg: Clár na Comhdhála

Aoine 8 Aibreán 2011
Ionad: An Seomra Caidrimh (D110)
9:45 – 10.00        Fáiltiú agus Clárú 
10:00 – 10.15   Oscailt oifigiúil imeachtaí an lae ag Siobhán Parkinson, Laureate na nÓg
10.15 – 11.45      Seisiún 1: Léitheoireacht agus Aistriúchán
Cathaoirleach: Ciarán Mac Murchaidh
Jacqueline De Brún - ‘Foghlaim Chód na Léitheoireachta i dtreo an neamhspleáchais sa léitheoireacht Ghaeilge’. 
Lydia Groszewski - ‘An Margadh Léitheoireachta i gcás aistriúchán Gaeilge do leanaí’.
Órla Ní Chuilleanáin – ‘Aistriúchán ar Scéalta do Leanaí go Gaeilge le haghaidh cainteoirí T2: roinnt roghanna maidir le stór focal agus stíl’.
11.45 – 12.00      Tae & Caife
12.00 – 1.00        Seisiún 2:  Léiriú ar an Óige sa Litríocht do Dhaoine Fásta
Cathaoirleach: Pádraig Ó Liatháin
Máirín Nic Eoin – ‘Ó Mo Scéal Féin go dtí Céard É English?: An litríocht dhírbheathaisnéiseach mar ábhar léitheoireachta do dhaoine óga’.
Aisling Nic Dhonnchadha – ‘‘Ina Ríocht Féin’: Léirithe ar shaoltaithí an duine óig i ngearrscéalta faoi leith le Pádraic Breathnach agus Seán Mac Mathúna’. 
1.00 – 2.00           Lón
2.00 – 3.30           Seisiún 3: Stair agus Éabhlóid Litríocht Ghaeilge na nÓg
Cathaoirleach: Róisín Ní Ghairbhí
Seosamh Ó Murchú - ‘Idir Laethanta Gréine agus an Garbhán: Súil siar ar an bhfoilsitheoireacht don aos óg sa Ghúm’.
Ríona Nic Congáil – ‘Fréamhacha Litríocht Ghaeilge na nÓg sa Naoú hAois Déag’.
Pádraig Ó Baoighill – ‘Litríocht na nÓg i nGaeltacht Thír Chonaill (1938-1946)’.
3.30 – 3.45            Tae & Caife
3.45 – 5.15            Seisiún 4: Ó Théama na hÓige Síoraí go dtí an Déaglitríocht
Cathaoirleach: Deirdre Nic Mhathúna
Pádraig de Paor - 'Puer Aeternus: téama na hóige síoraí i litríocht do dhaoine óga`.
Anna Heussaff - ‘Liomsa, leosan / Conas a dhéanann údar fásta freastal ar dhéagléitheoirí?’
Máirtín Coilféir – ‘An eitic agus an aestéitic i saothar Alan Titley'.
5.15 – 5.30            Tae & Caife
5.30 – 6.30           Aoichaint: 'The Big Bang: Cathal Ó Sándair Creates Popular Literature in Irish' - An tOllamh Philip O’Leary (Seomra D115)  
Cathaoirleach: An tOllamh Máirín Nic Eoin     
6.30 – 7.30            Léamha in Ómós do Chathal Ó Sándair & Sólaistí (Seomra Foirne)    

         *****************************************************************************************************************
Satharn 9 Aibreán 2011
Ionad: Seomra D115
10:00 – 11.00       Seisiún 5: Scéalaithe is Scéalaíocht
Cathaoirleach: Regina Uí Chollatáin
Siobhán Kirwan-Keane - ‘Sinéad Bean de Valera: Drámadóir, Náisiúnaí, Oide’.
Laoise Ní Chléirigh – ‘Tríocha Bliain ag Fás: Éabhlóid Litríocht na nÓg (1980-2010)’.
11.00 – 11.15        Tae & Caife (Seomra Caidrimh)
11.15 – 12.45        Seisiún 6: Litríocht na nÓg sna Dúichí Ceilteacha
Cathaoirleach:  Uáitéar Mac Gearailt
Siwan Rosser - ‘Iaith, diwylliant a hunaniaeth mewn llenyddiaeth Gymraeg i blant’ / ‘Language, culture and identity in Welsh children’s literature’.
Jacques Yves Mouton - ‘Embann levrioù evit ar grennarded: dazont buhez ar brezhoneg’ / ‘Publishing books for teenagers: a challenge for the future of the Breton language’.
Màiri Kidd - ‘Whose 'Twilight'?: Scottish Gaelic children's literature faces the 21st century’.
12.45 – 2.00         Lón
2.00 – 3.00         Aoichaint: ‘An Leanbh Ionainn go Léir: na haistriúcháin Ghaeilge ar litríocht do dhaoine óga' - An tOllamh Alan Titley
Cathaoirleach: Liam Ó Muirthile
3.00 – 3.15           Tae & Caife (Seomra Caidrimh)
3.15 – 4.45           Seisiún 7: An Traidisiún, an Sean is an Nua: Dúshláin na hAoise seo
Cathaoirleach:   Breandán Ó Conaire
Máire Ní Bhaoill - ‘Amhránaíocht Thraidisiúnta i measc Páistí in Éirinn’
Colmán Ó Raghallaigh – ‘Úrscéalta agus Seanscéalta Grafacha Gaeilge’.
Caitríona Hastings“Bhí sin ann i bhfad ó shin agus is fada ó bhí...” – Seanscéalta agus Nuascéalta - Na Dúshláin’.
4.45 – 5.00            Tae & Caife (Seomra Caidrimh)
5.00 – 5.45            Fóram Plé: Todhchaí Litríocht na nÓg
Cathaoirleach: Ríona Nic Congáil
Rannpháirtithe - Áine Ní Ghlinn, Biddy Jenkinson, Meadhbh Ní Eadhra, Colmán Ó Raghallaigh, Liam Ó Muirthile.
5.45                       Focal scoir: Ríona Nic Congáil agus Máirín Nic Eoin
6.00                       Dinnéar na Comhdhála


Urraithe ag
Coiste Taighde Choláiste Phádraig
agus ag Foras na Gaeilge