19.3.13

Mionteanga, Mórscéalta: An Tríú Comhdháil ar Litríocht agus ar Chultúr na nÓg


Institiúid Oideachais Marino, Ascaill Uí Ghríofa, Baile Átha Cliath 9
20-21 Meán Fómhair 2013

Le tamall anuas, tá níos mó béime á leagan ar litríocht agus ar chultúr na ngrúpaí atá ar imeall na sochaí. Dá thoradh sin, tá forbairt mhór tagtha ar léann litríocht agus chultúr na n-óg go hidirnáisiúnta. Ach cén tionchar atá ag mionteangacha ar nós na Gaeilge ar ár dtuiscintí ar chultúr na n-óg in Éirinn agus san Eoraip?
Tá sé mar aidhm ag an Tríú Comhdháil ar Litríocht agus ar Chultúr na nÓg plé a spreagadh i measc oideachasóirí, scoláirí, foilsitheoirí, aistritheoirí, ealaíontóirí den uile chineál agus daoine eile a bhfuil spéis acu i litríocht agus i gcultúr na n-óg. Díreofar ar stair chultúr Gaelach na n-óg, ar an suíomh reatha, agus ar dhúshláin na todhchaí.
Iarrtar ar dhaoine a bhfuil spéis acu caint a thabhairt ar aon ghné de litríocht nó de chultúr na n-óg, teideal na cainte agus achoimre ar an ábhar a sheoladh isteach.

D’fhéadfadh na hábhair seo a leanas a bheith i gceist, ach glacfar le hábhair eile freisin:
Filíocht, rannta, amhráin, greannáin agus comicí don óige;  an Ghaeilge agus eagraíochtaí cultúrtha don óige; an drámaíocht mar áis liteartha don óige; foilsitheoirí agus foilsitheoireacht; litríocht agus cultúr na n-óg i siollabais na Gaeilge sna hollscoileanna; an phiseog i litríocht Ghaeilge na n-óg; an Eoraip agus litríocht na Gaeilge; an teicneolaíocht i litríocht agus i gcultúr na n-óg

Seol teideal an pháipéir, achoimre (250 focal) agus beathaisnéis (50 focal) chuig
litriochtnanog13@gmail.com roimh 5in ar an 14 Meitheamh, 2013.

Riarthóirí na Comhdhála: Claire Dunne, Caoimhe Nic Lochlainn, Órla Ní Chuilleanáin, Ríona Nic Congáil, Róisín Adams.